Tairgim:—
Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £10 chun íochta an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1945, chun Tuarastal agus Costas na bhFun-dúireacht Eolaíochta agus Ealaíon agus chun Seirbhísí Oideachais Ilghnéitheacha áirithe agus Ildeon-tais-i-gCabhair.
Ní foláir £1,350 do sholáthar le haghaidh dhá dheontas-i-gcabhair fán Vóta le haghaidh Eolaíochta agus Ealaíon, ach toisc go bhfuil £1,340 dhá shábháil ar fho-chuid eile den Vóta níl ach £10 glan ag teastáil anois fán meastachán so. Den mhéid iomlán, £1,350, tá £600 ag teastáil mar dheontas-i-gcabhair ar iniúchadh agus ar chóipeanna do dhéanamh de chroinicí staire na hEireann atá le fáil i dtíortha iasachta agus £750 mar dheontas bhreise i gcabhair ar Chombdháil Náisiúnta na Gaedhilge.
Is scéim nua an scéim seo chun lámh-scríbhinní Gaeilge i dtíorthaibh iasachta d'iniúchadh. Tá a lán scríbhinní agus cuntaisí tábhachtacha a bhaineas le cúrsaí na hEireann i dtíortha eile, go háirithe sa mBrea-tain Mhóir, sa Spáinn, sa bhFrainne agus san Iodáil, agus is cóir go ndéanfaí cóip d'aon cheann, de na croinicí sin gur fiú cóip a dhéanamh di. Ar eagla go dtárlódh aon ní a loiscfeadh na cnuasachta scríbhinní sin, ní mór daoine oiriúnacha do cheapadh chun iad do scrúdú agus na cinn is tabhachtaí do thoghadh le cóip do dhéanamh díobh, trí bhithin an mhion-scannáin nuair is féidir sin nó trí bhithin gléasa ghrian-ghrafa ar bith eile. Cuirfear an obair seo ar siúl fá stiúrú na Leabharlainne Náisiúnta, agus tá beartaithe an t-airgead atá ag teastáil le haghaidh fiacha, costaisí taistil agus maireachtana na ndaoine a toghfar chun na hoibre, costas mion-scannán agus gléasanna grian-ghrafa agus costaisí riachtanacha eile, do chur ar fáil trí dheontas-i-gcabhair.
Is léir go dtógfaidh sé roinnt bhlian chun an obair do chríochnú agus iarr-far ar an Dáil in am tráth £2,000 do chur ar fáil le haghaidh na bliana airgeadais 1945-46. Idir an dá linn, ámh, meastar gur ceart tús do chur le scrúdú na gcroinicí atá i leabharlanna sa Spáinn, agus chuige sin, beidh £600 ag teastáil le haghaidh na bliana airgeadais seo. Tá beartaithe go rachaidh beirt scrúdóir cáilithe chun na Spáinne an mhí seo chugainn chun tosnú do dhéanamh leis na cáipéisí atá i Simancas, áit ina bhfuil, do réir mar thuigim, cnuasacht an-tábhachtach de scríbhinní a bhaineas leis an tír seo. Meastar go bhfaighfear a lán eolais as na croinicí sin ar stair agus ar imtheachtaí muintir na hEireann.
Tá £2,000 curtha in áirithe cheana san bhliain airgeadais seo do Chomh-dháil Náisiúnta na Gaedhilge agus is deontas eile i gcabhair ar an gComh-dháil an dara suim £750.
Ceadaíodh scéim chun stiúrthóir agus cúig timirí a cheapadh chun dlús agus eagar do chur ar aithbheochaint na Gaeilge ar fud na tíre, agus teastaíonn an tsuim airgid seo chun tuarastal agus costaisí na nOifigeach sin san bhliain airgeadais seo d'íoc.