Ba mhaith liom aon cheist amháin a chur chun an Aire mar gheall ar an Vóta seo. Tá roinnt mhaith leabhar curtha i gcló ag an Institiúid seo—sé sin an Léinn Cheiltigh a bhaineann leis an Institiúid—ach is i mBéarla is mó atá an eagarthóireacht déanta ar na leabhra sin. Is i mBéarla atá an réamhrá agus na nótaí. Bhfuil glactha leis an mBéarla ag an Institiúid sin chun an obair sin a dhéanamh i Scoile an Léinn Cheiltigh atá de chúram orthu a dhéanamh? Má tá, an amhlaidh a cheapann siad ná bhfuil an Ghaeilge oiriúnach chun obair sin a dhéanamh? Tá leabhar a chuir an tAthair Breathnach in eagar agus bhain sé usáid as Ghaeilge, ach sna leabhra eile, chómh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach, agus scrúdaíos sa leabharlainn iad, Béarla atá in usáid ag na heagarthóirí. Scoláirí óga cuid mhaith de na heagarthóirí sin agus baineann siad úsáid as Ghaeilge chómh maith leis an mBéarla.
Bhfuil an tuairim beo fós ins an áit sin chómh maith agus in áiteanna eile gur teanga mharbh í an Ghaeilge agus ná fuil le déanamh acu ach na rudaí atá fágtha a chur i gcló i slí go mbeid le fáil do na daoine a thiocfaidh in ár ndiaidh cosúil le Laidin agus Gréigis agus gan úsáid a bhaint as an nGaeilge in aon chor chun an eagarthóireacht a dhéanamh?
Nuair bhí an Bille chun an Institiúid a chur ar bun ag dul tríd an Dáil cheapas gur chun an Ghaeilge agus an Ghaolachas a chur in uachtar i Scoil an Léinn Cheiltigh a tugadh isteach í. Pé scéal é, ní mar sin atá. Ní thuigim é agus ba mhaith liom go mbeadh an tAire i ndon míniú a thabhairt dúinn mar gheall ar obair na hInstitiúide seo.