Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 27 Jun 1947

Vol. 107 No. 4

Committee on Finance. - Vote 54—Gaeltacht Services.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim breise nach mó ná £80,000 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1948, chun Tuarastal agus Costas i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, lena n-áirítear Deontais um Thógáil Tithe agus ceannach agus díol Bréidíní Baile.

That a supplementary sum not exceeding £80,000 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1948, for Salaries and Expenses in connection with Gaeltacht Services, including Housing Grants and the purchase and sale of Homespuns.

Tá an meastachán forlíontach so á chur os comhair na Dála chun airgead a chur ar fáil d'obair na Fo-Roinne dá mba rud é go dtarlódh easnamh aon uair sna Leithreasa-i-gCabhair toisc moill a bheith ar theacht isteach na bhfáltas airgid dar soláthraíodh sa bhun-mheastachán. Chun ár gcuid costas a ghlanadh níl againn ach méid an Vóta, nó méid an Vóta-i-gCuntas, maraon le pé airgead a gheibhtear ó am go ham mar Leithreasa-i-gCabhair. Is é glan-mhéid an Vóta i mbliana ná sé mhíle déag, trí chéad agus seasca punt agus is é an caiteachas ar fad a measadh don bhliain—agus a mbeidh le n-íoc amach as Leithreasa-i-gCabhair a áireamh air—ná ceithre chéad agus ochtó is a sé míle, ocht gcéad agus caoga is a dó punt. Níor leor méid an Vóta ann féin ach chun caiteachas tuairim agus dhá lá déag den bhliain a sheasamh.

Bhí an Fho-Roinn ag súil go dtiocfadh na fáltais isteach go rialta ó thosach na bliana ach ní mar sin a thárla. Do cuireadh moill mhór ar theacht isteach na Leithreasaí-igCabhair toisc an ganntanas móna agus abhar eile tine a bhí ann i rith céad-ráithe na bliana seo. Do chuir sin isteach ar bhréidín baile agus bréidín láimh-fhite a chríochnú le haghaidh an mhargaidh agus, mar sin, do cuireadh moill ar dhíolacháin agus níor tháinig chun láimhe na fáltais lena mbeifí ag súil de ghnáth.

Chun an obair a choimeád ar siúl, ní foláir conartha i gcóir abhar agus meaisínra a dhéanamh a bhfad roimh ré agus ní fios go minic cathain a gcaithfear íoc astu. Dá bhrí sin agus ag féachaint do chuntas atá déanta againn ar a bhfaighfear agus ar a mbeidh le n-íoc sna míosa romhainn, táthar sásta gur gá an soláthar forlíontach atá i gceist anois a dhéanamh chun go mbeidh airgead go leor ar fáil don obair. Ní foláir a thuigsint, ámh, nach féidir a rá faoi láthair ná faighfear na Leithreasa-i-gCabhair dar soláthraíodh sa bhun-mheastachán.

Níor díoladh na hearraí agus níor tháinig an t-airgead thar n-ais i leith na n-earraí sin?

Toisc go raibh ganntanas móna ann níor bhféidir íad a chríocnú i gceart i gcóir an mhargaidh. Níor bhféidir linn iad do dhíol agus níor tháinig aon airgid isteach mar ba ghnáthach.

Cá gcríoc-nófaí na hearraí?

Tá na hearraí déanta.

Acht cad é an deisiú eile atá le déanamh orthu agus cé dhéanann an deisiú sin agus cá ndéantar é?

Déantar cuid dé sa Ghaeltacht agus cuid dé i mBaile Atha Cliath.

Vote put and agreed to.
Vote reported and agreed to.
Top
Share