Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 May 1948

Vol. 110 No. 9

Written Answers to Questions. - Cúnamh Díomhaointis i nGaillimh Thiar.

D'fhiafraigh

den Aire Leasa Shóisialaigh an n-abróidh sé alos gach togh-roinne i ndáilcheantar na Gaillimhe Thiar cé mhéad (a) daoine idir dhá phunt agus cheithre phunt luacháil talún atá ag fáil Cúnamh Díomhaointis, agus (b) iomlán na híocaíochta leo i ngach toghroinn acu sin.

Níl eolas den chinéal a iarras an Teachta le fáil i dtaobh na nDáilcheantar. Tá figiúirí na Roinne bunaithe ar na limistéirí a ghabhas leis na hOifigí Áitiúla agus níl siad sin cothrom leis na Dáilcheantair. Má luann an Teachta na hOifigí Áitiúla a dteactaoínn an t-eolas uaidh ina dtaobh cuirfear ar fáil dá go cuibhe é.

Top
Share