Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 May 1948

Vol. 110 No. 9

Written Answers to Questions. - Droichead i gContae na Gaillimhe.

D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais an bhfuil tairiscint in Oifig na nOibreacha Poiblí faoi dhroichead a dhéanamh trasna an chaolsháile atá idir Camus agus Rosmuc, Tuath-Cheantar Uachtar Ard, ag áit a dtugtar Dún Mánus air; agus an féidir leis a rá go nglacfar leis an tairiscint sin mar scéim fostaíochta do na fir sa gceantar sin a bhfuil saothrú na móna caillte acu.

Fuarthas in Oifig na Sceimeanna Fostuiochta Speisialta sa phliain 1937, iarratas le h-aghaidh deontas chun droichead a thógáil san suidheamh a luadhadh. Meastar go gcosnóchadh an obair idir £10,000 agus £15,000 agus dá brigh sin, ní bheadh an obair ion-déanta mar mhion sgéim fostuíochta.

On mbliain 1937 i leith, ní bhfuarthas aon chomh-fhregarthas faoi'n sgeal.

Top
Share