Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Jul 1948

Vol. 111 No. 16

Committee on Finance. - Liúntais Cíosa do Ghárdaí.

D'fhiafraí

den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil a fhios aige nach bhfuil Cathair na Gaillimhe ar aon dul leis na cathracha eile maidir le liúntais cíosa do na Gardaí; go bhfuil cíosanna na dtithe chomh hard i nGaillimh is atá siad i mBaile Átha Cliath; agus an bhféachfaidh sé chuige go gcuirfear Gaillimh ar aon dul leis na cathracha eile i dtaobh na n-áiseanna seo.

Tá ar intinn agam an cheist ar fad i dtaobh liúntas cíosa do na Gardaí Síochána do scrúdú ach ní feidir liom aon gheallúint do thúirt roimh ré go méadófar an liúntas cíosa uasta atá socair do Chathair na Gaillimhe.

The Dáil adjourned at 10.30 p.m. to 3 p.m. on Wednesday, 7th July, 1948.

Top
Share