Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 20 Jul 1948

Vol. 112 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deire le réimniú oidí náisiúnta.

D'fhiaghfraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé cad iad na fáthanna a bhfuiltear chun deireadh a chur le réimniú na n-oidí náisiúnta, agus cad é an costas iomlán a bheas ar Vóta an bhun-oideachais dá bharr.

Ó thárla gur ionadaí don tuismitheoir agus don Eaglais iad is uasal an dualgas, dualgas na múinteoirí.

Is uaisle go mór é de bhrí gurab é an creideamh Críostaidhe, agus a gcialluíonn sé sin ó thaobh nadúir an duine, cloch-bhuinn ár gcórais oideachais.

Sé dualgas na dtuismitheoirí agus na hEaglaise a dheimhniú go ndéanfaí obair na múinteoirí go beacht; agus ins an obair sin is ionadaí dóibh araon an Stát tré n-a chóras oideachais.

Tríd an gcóras sin seadh serúdaítear, den chuid is mó dhe, obair na múinteoirí, agus seadh díoltar as an obair sin.

Is fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh an Stát agus na múinteoirí ar aon aigne i dtaobh an chaoi ina dtrialfaí feabhas na hoibre agus go mbeadh cibé baint a bheadh idir an gcóras agus na múinteoirí, den tsaghas sin do thuillfeadh agus do dhaingneochadh meas ar an Stát agus do chabhróchadh chun toradh na múinteoireachta d'fheabhsú.

Ó bhíos im' bhall de Chomhdháil Chlár na mBun-Scol, 1925, is léir dhom go raibh cúis éigin aighnis agus achrainn idir na múinteoirí agus na cigirí agus is léir dhom ó shoin gur cuid mhór den chúis sin an tslí ina réimnítear na múinteoirí ina n-éifeachtaigh agus ina n-árd-éifeachtaigh.

Ní h-ealadha dhúinn, dár liom, dul siar ró-fhada ar an scéal san. Acht ó thógas cúram na Roinne Oideachais orm féin, tháinig le céile, chun ceist an réimnithe do phlé, ionadaí ó ghach dream a raibh aon bhaint acu leis, múinteoirí, bainisteoirí, cigirí, lucht feidhmeannais na Roinne; agus taréis a dtuairimí go léir d'fháil agus do scrúdú go mion, tá socruithe agam deire a chur leis an réimniú.

1. Nílim sásta agus a bhfuil de éagsúlacht fé láthair idir gach dream a bhfuil baint acu le scolaíocht, páistí, múinteoirí, cigirí, gur féidir idir-dhealú a dhéanamh go héifeachtúil agus go cóir de réir "Éifeacht" agus "ArdÉifeacht" gan dearmhad a dhéanamh.

2. Gur cúis gearáin ag múinteoirí é sin, ó thárla a dtuarastail agus a gcreidiúint a' brath air.

3. Gur cúis imshníomha agus curamú dhóibh ina gcuid oibre é.

4. Go gcuireann sé stró thar mar ba chóir ar na cigirí.

5. Go gcoscann sé na cigirí ar an gcabhair ba cheart dóibh a thúirt agus a bhféadfaidís a thúirt d'obair na múinteoirí.

Dá bhrí sin, taréis an scéal go léir d'iniúchadh go cúramach agus do mheas, tá socruithe im' aigne gur fearrde obair agus éifeacht idir mhúinteoirí agus cigirí, agus gur móide toradh na hoibre ins na scoileanna, deire do chur leis an réimniú ó 1/4/49.

Tá mion-rudaí i dtaobh an chostais le socrú fós acht i gcóir na bliana 1948/49 cosnóidh sé timpall £85,000 sa mbreis.

An féidir leis an Aire a rá ar mhol an Chomhdháil a scrúdaigh an cheist seo sa Roinn Oideachais i ndeireadh mí Feabhra seo caite deireadh a chur leis an scéim a bhí ann go nuige seo?

Do dhein an Chomhdháil an cheist do scrúdú. Fuaireas comhairle ó gach dream ar an gceist a bhí fé dhíospóireacht ag an gComhdháil. Tar éis a raibh le rá ag gac dream ag an gComhdháil a chloisint do dheineas an socrú atá déanta.

An féidir leis an Aire a rá ar mhol aon aicme eile a raibh ionadaí uathu ar an gComhdhail an scéim a bhí ann go dtí seo a chur ar ceal?

Ní féidir liom a thuiscint cad tá in aigne an Teachta nuair a fhiafráionn sé dhíom ar mhol aon dream go raibh ionadaí uathu ar an gComhdháil an réimniú a chur ar neamhní. Níor iarras orthu aon mholadh a dhéanamh. D'iarras orthu a dtuairimí a thabhairt dom tar éis dóibh an cheist do phlé. Tar éis a gcuid tuairimí go léir d'fháil do dheineas féin an cheist do scrúdú agus do dheineas an socrú atá déanta. Is féidir a rá ná raibh dream ar bith a bhí ar an gComhdhail i gcoinnibh an rud atá dhá dhéanamh agam.

Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire ar ghlac sé aon chomhairle eile taobh amuigh den díospóireacht a bhí ar siúl aige leis na haicmí eile ar an gComhdháil sin. Do réir an Tuairisc Oifigiúil a cuireadh amach Dé hAoine seo caite i dtaobh na ceiste seo, do glacadh comhairle le gach aicme a raibh baint acu leis an gComhdháil. Teastáionn uaim a fháil amach ar glacadh aon chomhairle eile ó shoin taobh amuigh den chomhairle a glacadh nuair a bhí an Chomhdháil sin ar siúl.

Níl fhios agam cad tá in aigne an Teachta. Tá súil agam go dtuigeann sé go raibh ceist le réiteach agam agus go bhfuil aigne agam féin. Dheincas iarracht ar an gceist a réiteach. D'éisteas le comhairle gach aoinne—go mór mór daoine go raibh baint acu leis an obair. Ní dóigh liom gur cheart go mbéadh droch iontaoibh aige as aoinne.

Nílim acht ag lorg eolais.

D'éisteas le gach comhairle a bhí le fáil agam, acht is í an chomhairle is mó gur éisteas léis, b'fhéidir, ná mo chomhairle féin. Ar aon chuma, do thógas orm féin an socrú so a dhéanamh. Is dócha gur cheart go dtuigfeadh gac aoinne sa Tigh seo ná raibh aoinne go raibh aon baint aige leis an gComhdháil i gcoinnibh an tsocruithe a dheineas.

Top
Share