Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Aug 1948

Vol. 112 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Réimniú Múinteoirí.

D'fhiafraigh Éamon Ó Ciosáin den Aire Oideachais cé mhéid (1) fear-oidí (2) ban-oidí a bhí (a) árd-éifeachtach, (b) éifeachtach agus (c) gan bheith éifeachtach i ndeire na scoil-bliana 1947 agus i ndeire na scoil-bliana 1948.

Níl Fáisnéis ar fáil go fóill fá éifeacht na n-oidí ar 30ú Meitheamh, 1948. Seo leanas na figiúirí i leith 30ú Meitheamh, 1947:—

Árd-Éifeachtach

3,258

Éifeachtach

7,112

Gan bheith éifeachtach

143

Is le hoidí idir fhearaibh agus mnáibh go ndíoltar tuarastal pearsanta leo amháin a bhaineann na figiúirí seo.

Cuirfear chuig an Teachta Dála, chomh luath agus is féidir é, an t-eolas atá uaidh, fá éifeacht na n-oidí ar 30ú Meitheamh, 1948.

Top
Share