Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Feb 1949

Vol. 114 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Intermediate Examination Fees.

asked the Minister for Education if he will state whether he has increased the entrance fees for the intermediate examinations; and, if so, the reasons for such increases and the amount of the additional revenue which he expects to realise from the increases.

Táthar taréis na táillí ar na Scrúdaithe Teistiméireachta a mhéadú i mbliana.

Tá Costas na Scrúdaithe sin (gan trácht ar costas an riaracháin a bhaineann leo), taréis dul i méid go mór ó 1939. Do chosain sé 25/6 in aghaidh gach iarrthóra sa bhliain sin, agus 34/2½d. in aghaidh gach iarrthóra i 1948.

£13,142 an costas iomlán i 1939, agus timpeall £23,440 an costas iomlán a bhí ann i 1948.

Beidh timpeall £1,250 d'fhághaltas breise ann de bhárr na táillí a mhéadú, agus séard a bhí beartaithe ná an bhreis sin bheith ina chúiteamh beag éigin ar an mbreis chostais.

Top
Share