Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 Mar 1949

Vol. 114 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Nua i gConamara.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil céad gasúr scoile ag freastal Scoil Loch Con Aortha, Conamara; nach bhfuil sa teach scoile sin ach aon tseomra amháin; go bhfuil beirt mhúinteoirí ann agus nach bhfuil ar a gcumas obair fhónta a dhéanamh toisc cúngrach slí; agus an dtig leis a rá cén uair a tosófar ar scoil nua a dhéanamh ann.

Tá a fhios agam go bhfuil timpeall le céad daltaí ag freastal ar Scoil Náisiúnta Loch Con Aortha, nach bhfuil ach an taon seomra amháin do bheirt mhúinteoirí inntí agus go bhfuil an scoil plóbaithe.

Tá beartaithe scoil nua a thógáil annseo. Tá suíomh oiriúnach tairgthe ag an mbainisteoir le haghaidh scoile nua agus comh luath agus a bhéas gnóithí áirithe dlí réitithe go sásúil cuirfear dlús i ngach slí is féidir le tógáil na scoile nua.

Top
Share