Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Jun 1949

Vol. 116 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Beo-theangan na mBreac-Ghaeltacht.

D'fiafruigh

den Aire Oideachais an dóigh leis go bhfuil an t-am feiliúnach le scéim deontas airgid a cheapadh ar mhaithe le leathnú na beo-theangan na mBreac-Ghaeltacht; agus a ndéanfaidh sé tairiscint chun na críche don Rialtas.

Cuireadh scéim an deontais £2 i bhfeidhm san bliain 1934-35 agus méaduíodh an tsuim go dtí £5 ón mbliain 1946-47. Baineann an scéim sin leis an mBreac-Ghaeltacht chomh maith leis an bhFíor-Ghaeltacht. Sé dob aidhm don scéim cose a chur le meath na teangan ins na límistéir ina labhartar an Ghaeilge mar bheotheangain fós.

I dtosach ní híoctaí an deontas ach í leith páistí idir sé bliana d'aois agus ceithre bliana déag d'aois a bheadh ag freastal ar Bhun-scoileanna, ach ón scoil-bhliain 1946-47 anall íoctar é í leith páistí idir sé bliana d'aois agus sé bliana déag d'aois a dheineann freastal féiltiúil mar scoláirí lae ar bhun-scoil nó ar mheán-scoil nó ar ghairm-scoil atá suite san nGaeltacht nó san mBreac-Ghaeltacht.

Chun go mbeadh páiste ar bith i dteideal an deontas d'éileamh níor mhór an Ghaeilge do bheith ina gnáthteangain teaghlaigh ag a mhuinntir sa mbaile.

Ó thárla an Bhreac-Ghaeltacht do bheith páirteach sa scéim atá ann faoi lathair agus ó thárla go bhfuil an scéim sin bunaithe ní hamháin ar an méid Gaeilge a bheadh ag na páistí scoile féin ach, le n-a chois sin ar an nGaeilge do bheith dá labhairt ag a muinntir sa mbaile ní dóigh liom gur gá aon scéim eile a cheapadh agus níl sé ar intinn agam aon tairiscint dá leithéid a chur i láthair an Rialtais.

Top
Share