Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Dec 1949

Vol. 118 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Gúm agus Saothar Údair.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an fíor go bhfuil sé socraithe ag an Ghúm, do réir mar foilsíodh i bpáipéar Gaeilge, gan glacadh le haon leabhar ó údar áirithe feasta, agus, más fíor, an é an fáth nach bhfuiltear sásta leis an Ghaeilge a bhíonn sna leabhra a thairgeann an t-údar sín don Ghúm.

Ní fíor go bhfuil beartaithe ag an nGúm gan glacadh feasta le leabhra ó'n údar sin, Cathal Ó Sandair.

Seo mar bhí go dtí seo idir an Gúm agus an scríobhnóir san:—

Do chuir sé seacht láimhscríbhne fichead (27) fá bhráid an Ghúim go nuige seo. Asta san—(a) do foilsíodh aon cheann déag (11); (b) tá naoi gcinn (9) eile ag na clódóirí i láthair na huaire; (c) beidh dhá cheann (2) eile ag dul chun na clódóirí gan mhoill. Sin dhá cheann is fiche (22) as na seacht gcinn fichead (27). Tá dhá cheann (2) des na cúig cinn (5) eile faoi bhreithiúnas fós, agus tá fuíolach na seacht gcinn fichead (27) sé sin na trí cinn (3) eile nár ghlac an Gúm leo.

I dtaobh na dtrí gceann (3) úd nár ghlac an Gúm leo, ní raibh aon bhaint ag an saghas Gaeilge a bhí iontu leis an diúltú. Is amhlaidh a thárla ábhar na scéalta gan bheith oiriúnach lena bhfoilsiú ag an nGúm. Ní raibh sé i gceist ariamh ag an nGúm, ná níl fá láthair, diúltú d'ábhar leabhair ó Chathail Ó Sandair mar gheall ar an saghas Gaeilge a bheadh ann.

Top
Share