den Aire Oideachais an feasach dó go mbíonn moill mhór ar obaír chlódoireachta Gaeilge a bhfuil baint ag an Roinn Oideachais léi siocair gurb ionann díolaíocht don Ghaeilge agus don Bhéarla agus dá bhrí sin go gclaontar leis an Bhéarla; go bhfuil mórán scríbhinn Gaeilge ón Roinn sin ag na clódóirí le fada agus an ndéanfaith sé réiteach leo leis na scríbhinní sin a chur i gcló.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Clódoíreacht Gaeilge.
D'fhiafraigh
Ní hamhlaidh atá, gurb ionann díolaíocht don chlódóireacht Gaeilge agus don chlódóireacht Béarla. Seárd a tharlaíonn gur do réir na rátaí a éilíonn na clódóirí a dheintear connradh leo, agus is mó go mór na rátaí a éilíonn agus a gheibheann siad ar leabhair Gaeilge ná ar leabhair Béarla.
Is eol dom go mbíonn moill mhór ar obair chlódóireachta Gaeilge a bhfuil baint ag an Roinn Oideachais léi, ach tuigim gurb é is mó is cúis leis sin ná na comhluchta chlódóireachta bheith ar bheagán fóirne.