Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Mar 1950

Vol. 119 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ranganna Ceirde.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an feasach dó go bhfuil ganntanas fear ceirde ann agus an molfaidh sé do Bhrainse an Cheard-Oideachais níos mó ranganna a chur ar bun ar fud na tíre do bhuachaillí ó 16 bliana go dtí 20 blian chun ceird éigin d'fhoghlaim, go háirithe na cearda atá a dhíobháil do lucht tógála tithe.

Tuigim go bhfuil ganntanas ceardaithe oilte ann, go mór-mór i gceantracha tuatha, agus tá an Roinn Oideachais agus na coistí gairm-oideachais ag obair as lámha a chéile chun gach oiliúint agus oideachas is féidir a chur ar fáil do phrintísigh agus do dhaoine eile atá ag gabháil do cheardanna a bhaineann le foirgneolaíocht ins na ceantracha tuatha. Bhí cúrsa áitiúil ann i 1948, agus dhá chúrsa áitiúla ann i 1949 i gcóir a leithéid sin, agus beidh dhá chúrsa áitiúla eile ann i mbliana.

Ba mhaith liom níos mó cúrsaí áitiúla ná san bheith ann, ach ní féidir bheith ag súil le iad do leathadh puinn fós, go dtí go bhfaighfidh na múinteóirí oiriúnacha an oiliúint fé leith is gá chun cúrsaí mar sin a mhúineadh mar ba cheart. Tá an Roinn Oideachais ar a dícheall, áfach, a d'iarraidh an fhadhb san do réiteach. Cuireadh cúrsa samhraidh fé leith ar siúl i 1948, agus ceann eile i 1949, do mhúinteoirí ádhmadóireachta, ar chostas na Roinne, chun taithí a thabhairt dos na múinteoirí sin i dtógáil foirgnithe feirme, i dtreo, nuair a raghaidís abhaile arís go dtí n-a gceantair féin, go bhféadfaidís ranganna a chur ar bun chun a mhúineadh dosna feirmeoirí agus do dhaoine eile cionnas cróanna cearc, bóithigh, galláin gheata agus foirgnithe úsáideacha mar sin a thógáil, agus chun a chur ar chumas na bhfeirmeoirí gach buntáiste a bhaint as an scéim atá ar siúl ag an Roinn Talmhaíochta chun feirmeacha d'fheabhsú.

Cúigear múinteoir is fiche a bhí ag freastal ar an gcúrsa den saghas san a bhí ann i 1949, i mbaile Bush, i gCo. Lughaidh. Beidh cúrsa eile ann i mbliana, i mBéal Átha an Fheadha, Co. Mhuigheo, agus táthar ag súil go mbeidh timpeall fiche múinteoir ag freastal air. Sé príomh-aidhm a bheidh ag cúrsa na bliana so ná taithí a thabhairt dona múinteoirí sin ar cionnas tigh cónaithe coitianta dháurlár a thógáil, agus ansan iad do dhul thar n-ais agus an méid sin a mhúineadh do phrintísigh ina gceantair féin an geimhreadh so chughainn agus as san amach.

Top
Share