Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 May 1950

Vol. 120 No. 14

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coiste na bPáistí.

D'fhiafraigh

de'n Aire Oideachais an abróidh sé cén fáth ar laghdaíodh an deontas airgid le haghaidh Choiste na bPáistí i mbliana ó £2,500 go £2,000, agus an bhfuil sé ar intinn aige an méid a laghdaíodh an deontas a thabhairt thar n-ais.

Ní hamhlaidh bhí ar intinn an t-airgead a bhéarfar do Choiste na bPáistí do laghdú ar chor ar bith. Íoctar an t-airgead san gach bliain do réir coinníollacha áirithe agus beidh na coinníollacha céanna i bhfeidhm i mbliana agus íocfar an deontas díreach mar do deineadh anuraidh agus ins na blianta roimhe sin. Ach fuarthas amach go gcuirtí suim airgid sna meastacháin a bhíodh cuid mhaith os cionn an deontais a bhíodh Coistí i dteideal a fháil do réir na gcoinníollacha agus níor deineadh ach an meastachán a laghdú gan cur isteach ar chor ar bith ar choinníollacha an deontais. An bhliain seo caithte, mar shompla, bhí £2,500 ins na meastacháin ach ní raibh na Coistí i dteideal thar £975 d'fháil agus bhí an scéal ar an aite chéanna le tamall de bhlianta anall. Do réir an eolais atá ar fáil san Roinn, níl cosúlacht ar bith go raghaidh éileamh na gCoistí don bhliain 1950-51 chomh hárd le £2,000.

Top
Share