Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 May 1950

Vol. 121 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Fursa, Gaillimh.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé an bhfuil liosta feithimhe ann de pháistí a bhfuil fonn ar a dtuismitheoirí iad a chur ar scoil i Scoil Fhursa, Gaillimh; má tá, cé mhéad páistí ar an líosta; an bhfuair sé achainí le gairid ó na tuismitheoirí sin mar gheall ar an gceist; agus, má fuair, céard tá ar intinn aige a dhéanamh faoin scéal.

Tuigtear dom go bhfuil roinnt mhaith páistí ag fanacht le háiteacha sa scoil san, ach ní féidir liom a rá cé mhéid díobh atá ann i láthair na huaire. Fuaireas achainí ó thuismitheoirí na thaoibh le déannaí. Seo mar atá an scéal.

Níl slí i Scoil Fhursa ach do 183 páistí, agus, dá bhrí sin, béigin teora do chur le líon na bpáistí a clárófaí ar na rollaí. Do socraíodh gan thar 220 páistí do ligint isteach sa scoil am ar bith, agus ní ceadaítear aon dalta nua do ghlacadh sa scoil go dtí go dtuiteann líon na bpáistí ar na rollaí fá bhun 220.

Tá spás do na daltaí breise atá i gceist i scoileanna eile i gCathair na Gaillimhe agus táim sásta go dtugtar oiliúint an-mhaith i nGaeilge ins na scoileanna sin. Ar an ábhar san ní meastar gur gá seomraí breise do chur le Scoil Fhursa.

An bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil seomraí ins an bhfhoirgneamh atá folamh agus dá bhfeadfaí iad a chóiriú go dtóigfheadh siad a dhá oiread daltaí 'is atá sa scoil faoi láthair? Tá ós chionn céad go leith páiste ar an liosta feithimh, agus nach bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil rogha ag tuismeoirí a gcuid páistí a chur go dtí scoil ar bith is maith leo?

Tá fhios agam go bhfuil rogha ag tuismeoirí a gclann a chur an scoil ar bith is maith leo ach slí a bheith ins na scoileanna. Tá a lán slí ins na scoileanna eile atá i nGaillimh fé láthair agus tá ceithre scoileanna eile le tógáil ann. Na seomraí atá i Scoil Fhursa, níl siad oiriúnach. Deineadh iarracht ar an gceist sin a phlé cheana.

An bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil seomraí follamha sa bhfhoirgneamh a bhfhéadfaí iad a chóiriú le haghaidh na bpáistí atá ag iarraidh dhul isteach sa scoil sin?

Nil siad oiriúnach agus ní fhéadfaí iad a dhéanamh oiriúnach.

Cé an difríocht atá idir na seomraí nach bhfuil oiriúnach anois agus na seomraí a bhí sa bhfhoirgneamh agus ar dearnadh oiriúnach iad?

Níl fhios agam fé sin ach thuigeas go ndearnadh meastacháin ar na seomraí sa scoil seo go minic cheana agus go bhfuil an scéal mar a deirim. Tá slí ins na scoileanna eile i nGaillimh agus obair an mhaith dá dhéanamh iontu agus tá ceithre scoileanna nua le tógáil.

An bhfuil fhios ag an Aire——

Ceist Uimhir 4.

Top
Share