den Aire Talmhaíochta an abróidh sé (a) cé mhéad iarratas a frítheadh faoin Acht um Míntíriú Talún, 1949, ó na paráistí seo a leanas faoi seach: Arainn, an Spidéal, Magh Cuilinn, Cill Ainín, an Cnoc, Uachtar Ard, an Cheathrú Rua, Rosmuc, an Fhairche, an Líonán, Cárna, Cloch na Rón, an Clochán, Baile na Cille agus Inís Bó Finne; (b) cé mhéad iarratas i ngach paráiste faoi seach atá saor ó ranníoc, agus cé mhéad acra, agus céard é luacháil na talún, atá amhlaidh; (c) cé mhéad iarratas a bhfuil ranníoc le n-íoc ina leith, agus cé mhéad acra, agus céard é luacháil na talún, atá amhlaidh; (d) cé mhéad faoin gcéad den ranníoc atá le n-íoc ina bhlianachtaí i ngach paráiste faoi seach; (e) cé mhéad gabháltas atá i gceist faoi (b), (c) agus (d) faoi seach, agus (f) cé mhéad oibreacha i ngach paráiste atá (i) críochnaithe, (ii) ar siúl, agus (iii) ceadaithe.
Written Answers. - Míntíriú Talún.
D'fhiafraigh
Ní ullmhaítear tuairisceáin le haghaidh paráistí ar leith. Ba mhaith liom aird an Teachta do dhíriú ar an bPáipéar Bán a cuireadh chuig gach Teachta ar an 21ú lá den mhí seo agus ar an dara cuid dem Fhreagra ar Cheist ón Teachta Mag Uidhir ar an 7ú Márta seo caite.