Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Jun 1950

Vol. 122 No. 1

Written Answers. - Gaeilge mar Cháilíocht do Dhoctúir.

D'fhiafraigh

den Aire Sláinte an abróidh sé an bhfuil an post mar dhoctúir ceannais cónaitheach i bPríomh-Oispidéal na Gaillimhe fógraithe den dara huair; agus, má tá, an bhfuil eolas inniúil ar Ghaeilge luaite mar cháilíocht riachtanach don phost.

Táthar tar éis an post mar dhoctúir ceannais cónaitheach, Príomh-Ospidéal na Gaillimhe, d'ath-fhógairt agus na cáilíochta ag gabháil leis a fógraíodh i gcéaduair. Níl sé sonraithe go bhfuil eolas inniúil ar Ghaeilge ina cháilíocht riachtanach.

Maidir leis seo, ba mhian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thugas ar cheist Phairliminte uaidh an 17ú Samhain seo caite nuair adúras:—

"Ba mhaith liom go mór go mbeadh eolas inniúil ar Ghaeilge ag an té a bheadh i seilbh an phoist agus bheadh an-áthas orm dá bhféadfaí duine d'fháil a mbeadh an cháilíochta sin aige agus, ina theannta sin, na cáilíochta arda teicniúla agus an taithí is gá. Is eol dom, áfach, óm thaithí féin agus taithí an riaracháin a tháinig roimhe seo, nach dócha, faraor, go bhfaighfear a leithéid sin de dhuine. Sna cúrsaí sin, cé gur leasc liom go mór é, níor bhféidir liom eolas inniúil ar an nGaeilge a shonrú mar cháilíocht riachtanach don phost."

Faoi réir forála eile, áfach, ordaíonn na rialacha na nithe seo leanas:—

(a) An t-iarrthóir is fearr a bheas cáilithe astu sin a bhfuil eolas inniúil ar Ghaeilge acu, déanfar, má bhíonn sé oiriúnach ar gach slí eile, é mholadh don údarás áitiúil chun a cheapadh don phost folamh.

(b) Mura mbeidh aon iarrthóir cáilithe agus oiriúnach, agus eolas inniúil ar Ghaeilge aige, déanfar an té is fearr cáilíocht imeasc na n-iarrthóirí a bhfuil eolas maith ar an nGaeilge acu a mholadh, má bhíonn sé oiriúnach ar gach slí eile.

(c) Mura mbíonn aon iarrthóir cáilithe oiriúnach ann a bhfuil eolas maith ar an nGaeilge aige, déanfar an t-iarrthóir is fearr cáilíocht a mholadh, má bhíonn sé oiriúnach ar gach slí eile.

Na dualgais a ghabhas leis an oifig, is le riaradh Chúrsaí leighis an ospidéil is mó a bhainid agus ní háirítear cóireáil othar orthu. Dá bhrí sin, an ghnáth-bhaint a bhíos idir an dochtúir agus an t-othar, ní bheidh sé ann idir an dochtúir ceannais cónaitheach agus na hothair.

Top
Share