Tairgim:—
Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste;
Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;
Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1952, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.
Aontaithe agus orduithe dá réir.