Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 7 Jul 1953

Vol. 140 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Torthaí Scrúdúcháin na gColáistí Ullmhúcháin.

D'fhiafraigh Cormac Ua Breisleáin den Aire Oideachais cá huair a bheadh torthaí scrúdúcháin na gColáistí Ullmhúcháin agus Scoláireachtaí na Gaeltachta, 953, ar fáil.

Táthar ag súil leis go mbeifear i ndon torthaí an Scrúdú i gcomhair na gColáistí Ullmhúcháin agus Scholáireachtaí Meán-Scol do Scoláirí ón bhFíor-Ghaeltacht, 1953, do chur ar fáil timpeall 25 Iúl, 1953.

Top
Share