Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Nov 1953

Vol. 142 No. 8

Bás Theachta.

Mar is eol duit, a Cheann Comhairle, ó bhíomar anseo cheana fuair an Teachta, an Dr. Tomás Ó hUigín, bás—ar dheis Dé go raibh a anam.

Ba mhaith liom go dtabharfá cead dom Rúnaí Parlaiminte ráiteas gairid a léamh thar mo cheann.

Tá a fhios agam go raibh an-bhrón ar na Teachtaí a chlos go bhfuair an Dr. Tomás Ó hUigín bás—go ndéana Dia trócaire ar a anam.

B'iomaí feidhmeannas inar thug an Teachta Ó hUigín seirbhís don náisiún. I dtosach ghluaiseacht na saoirse, ghlac sé páirt mhór in eagrú Sinn Féin agus na nÓglach i nDeisceart Chill Dara sna blianta 1917 agus 1918. Mar gheall ar a shaothar ar son na saoirse gearradh tréimhse fhada príosúntachta air, i gcampaí coinneála éagsúla, ó Shamhain, 1919, go Nollaig, 1921. Sna blianta ina dhiaidh bhí mórán postanna tábhachtacha aige, ar a n-áirítear Stiúrthóir Lia-Sheirbhisí an Airm ó 1924 go 1929 agus Dochtúir Oifigiúil Chontae na Midhe ó 1930 go 1948.

Sa bhliain 1929 a céad-toghadh ina Theachta Dála é agus bhí sé ina chomhalta den Tigh seo riamh ó shoin, ina ionadaí do Bhaile Átha Cliath Thuaidh ó 1929 go 1932, do Laoighis-Uí Failghe ó 1932 go 1948 agus do Chathair Chorcaighe ó 1948 i leith. Bhí sé ina chomhalta den Chomhdháil Chosanta ó bunaíodh í i mBealtaine, 1940, go dtí gur scoireadh í i mBealtaine, 1945. I mí Feabhra, 1948, ceapadh é ina Aire Cosanta, oifig a choimeád sé go mí Márta, 1951, agus bhí sé ina Aire Tionscail agus Tráchtála ó Mhárta go Meitheamh, 1951.

Tá an Dáil in éamais comhalta a labhair go minic sa Tigh, agus bhíodh fuinneamh agus guntacht i gcomhnuí ina mbíodh le rá aige. Léirigh sé sna díospóireachta an t-ard-eolas a bhí aige ar ghnóthaí Cosanta agus Sláinte, agus, i gcúrsaí Sláinte Poiblí go hairithe, do haithníodh é ina shaineolaí a raibh mór-thaithí riaracháin aige.

Ba ghnáth leis freastal go riaita sa Tigh, agus ba mhór aige riamh leas na muintire a thoigh é agus na Cathrach darbh ionadaí é.

Iarraim ort, a Cheann Comhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá bhaintreach, dá bheirt mhac atá ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais agus dá dhaoine muintire eile.

D'éirigh na Teachtaí.

Top
Share