Ó bhíomar anseo cheana, fuair an Teachta Séamas Coburn bás. Go ndéana Dia trócaire ar a anam. Iarraim cead dom Rúnaí Parlaiminte ráiteas beag a léamh thar mo cheann.
Bás Theachta.
Tháinig an Teachta Coburn isteach sa Dáil breis agus sé blianafichead ó shin agus bhí sé ina ionadaí dá chontae dhúchais, Contae Lughbhaidh, riamh ó shin go dtí go bhfuair sé bás. Ar feadh na haimsire sin go léir rinne sé saothar gan sos, ar chomh-luchtaí áitiúla i gContae Lughbhaidh agus sa Dáil, ar mhaithe lena thír agus lena thoghlucht. Is cruthúnas ar an ard-mheas a bhí ar a shaothar gur toghadh é i ndeich nOlltoghcháin i ndiaidh a chéile.
Tá fhios ag na Teachtaí gur dhuine caoin cneasta é ach nár choisc a chneastacht é óna thuairimí a léiriú le feidhm agus le héifeacht. De dheasca báis an Teachta Coburn tá duine aitheantúil a raibh gean agus gnaoi air caillte againn, agus is bochtaide sinn é a bheith imithe uainn.
Ní nach ionadh, cuimhnímid go hatruach ar na daoine is mó a aireos uathu é. Iarraim ort, a Cheann Comhairle, a chur in iúl dá bhaintreach agus dá chlann gur danaid ghéar linn a bhás agus go ndéanaimid comhbhrón croí leo sa mhéala mór a bhain dóibh.
D'éirigh na Teachtaí.