Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £5,120 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1955, chun Tuarastal agus Costas Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng.
Ní shilim gur gá dom a thuille a rá faoin Meastacháin seo. Caithfidh go bhfuil cuid mhaith den eolas ag na Teachtaí cheana féin.
Vóta curtha agus aontaithe.