den Aire Oideachais arb eol dó go ndeacaigh an príomh-oide i scoil na naíonán sa gCeathrúin Ruaidh, i gConamara, ar pinsean faoin Nollaig seo caite agus go bhfuil an scoil riamh ó shin taobh le beirt mhúinteoir gidh gur scoil triúir múinteoir í agus an ndéanfaidh sé beart chun an folúntas a líonadh gan a thuilleadh moille ionas nach leanfar den éagóir atá dá déanamh ar pháistí an cheantair sin.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Folúntas Muinteóireachta i gConamara.
D'fhiafraí
Seán Mac Eochagáin
Tharlaigh roinnt deacrachta i dtaobh an phoist mar phríomh-oide sa scoil seo do líonadh, ach tá reiteach faighte ar na deacrachta san anois agus tá príomh-oide nua tar éis dul i mbun dualgaisí sa scoil ón 18ú Meitheamh.