Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Nov 1954

Vol. 147 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Meán-Phraghas Bradáin.

D'fhiafraigh

den Aire Talmhaíochta an abróidh sé cén meán-phraghas an punt a fuair lucht onnmhuirithe ar na bradáin a honnmhuiríodh go dtí an Bhreatain Mhór ó cuireadh deireadh sa tír sin le rialú oifigiúil praghas na mbradán.

Níl aon tuairiscí im Roinn-se óna bhfeadfaí an t-eolas a hiarradh d'fháil.

Top
Share