Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Jun 1955

Vol. 151 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gairmscoil Nua i gContae Luimnigh.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais a ndéarfaidh sé conas atá an scéal maidir le tairiscint atá le tamall os comhair na Roinne Oideachais ó Choiste Gairm-Oideachais Chontae Luimnigh, gairmscoil nua a thógáil i Rath Caola.

Tá na pleananna le haghaidh na scoile seo á mbreithniú ag an Roinn fé láthair agus táthar ag súil go mbeifear in ann cead a thabhairt don Choiste go luath dul ar aghaidh agus na léaráidí libre d'ullmhú.

An fíor gur cuireadh na pleananna go dtí an Roinn i dtosach na bliana seo agus cad é fá na moille sa Roinn i dtaobh breith a thabhairt ortha? Cén fá nár tugadh cead don choiste dul ar aghaidh go dtí seo?

Bhí roinnt ceisteann le plé idir an choiste agus na cigirí agus de thoradh san do b'éigin pleananna leasuithe do chur isteach. Ní fuarthas na pleananna leasuithe go dtí 4 Aibrean.

Top
Share