Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 Jun 1955

Vol. 151 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cruinnithe an Choiste Eadar-Rannaigh.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil cé mhéid cruinnithe a tionóladh den choiste eadarrannach a bhaineann le hOifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng ó 2 Meitheamh, 1954, cathain a bhíodar ann, agus cé a bhí i gceannas ar gach cruinniú acu.

An coiste a ndéantar tagairt dó sa cheist, tháinig sé le chéile cúig huaire i rith na tréimhse a luadh. Is iad seo a leanas dátaí na gcruinnithe sin:—an 9ú lá d'Iúil, 1954; an 23ú lá de Lúnasa, 1954; an 5ú lá de Shamhain, 1954; an 13ú lá de Bhealtaine, 1955; agus an 18ú lá de Bhealtaine, 1955. Bhí mé féin i gceannas ar gach cruinniú díobh siúd ach amháin an cruinniú a comóradh an 23ú lá de Lúnasa, 1954, tráth chuaigh Riarthóir Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng i gceannas.

Top
Share