Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Jul 1955

Vol. 152 No. 5

Written Answers. - Soláthar Bád.

D'fhiafraí

den Aire Talmhaíochta cé mhéid bád atá á ndéanamh faoi láthair faoin scéim le báid a sholáthar gan réamhíocaíocht do ghnáth-chainteoirí Gaeilge sa bhFíor-Ghaeltacht, agus cén uair a bheas siad réidh; agus mura bhfuil aon cheann leagtha síos fós cén uair a meastar a tosófar ar an obair seo.

Tá cúram na scéime seo maidir le soláthar na mbád ar an mBórd Iascaigh Mhara agus tuigim go bhfuil bád amháin leagtha síos acu cheana, agus go bhfuil beartaithe acu dhá cheann eile do leagadh síos, ceann laistigh de trí mhí agus ceann eile laistigh de sé mhí. Déanfar na báid sin i mbád-ráilse an Bhúird fhéin agus tá socraithe ag an mBord ordú do thabhairt ar dhá bhád eile do bhádráilse priobháideach. Ceaptar go mbeidh an céad bhád réidh taobh istigh de naoi mhí.

Top
Share