Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Jul 1955

Vol. 152 No. 5

Written Answers. - An Bord lascaigh Mhara—Báid.

D'fhiafraí

den Aire Talmhaíochta ar chinn An Bord Iascaigh Mhara dhá bhád ochtó troigh ar fhaid a dhéanamh agus a oibriú faoina stiúradh féin agus, má chinn, (a) cén uair a cinneadh amhlaidh, (b) cén uair a ceannaíodh an chéad chuid den inneallra lena n-aghaidh, (c) ar leagadh síos cílle aon cheann acu fós, agus, murar leagadh, cén uair a tosófar ar an obair sin, agus (d) an ligfear amach ar fost-cheannach iad nó an é an Bord féin a chuirfeas ag iascach iad.

Tuigtear dom gur chinn Comhlachas Iascaigh Mhara na h-Éireann Teoranta a bhí ann roimh an Bord Iascaigh Mhara ar an 20 Samhain, 1951, dhá bhád den tsaghas dá dtagartar do sa cheist do dhéanamh. Do horduigheadh an céad chuid de'n inneallra ar an 8 Aibreán, 1952. Níor leagadh síos cílle go fóill mar tar éis na trí báid iascaigh do cheannach sa Ghearmáin i mí Deire Fómhair, 1952, do cinneadh gan dul ar aghaidh le déanamh an dhá bháid.

Top
Share