Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Jul 1955

Vol. 152 No. 5

Written Answers. - Iascairí agus Iasachtaí.

D'fhiafraí

den Aire Talmhaíochta cé mhéid den iomlán airgid a tugadh ar iasacht d'iascairí (a) a haisíocadh, (b) a maitheadh (i) anuas go dtí an dáta a bunaíodh Comhlachas Iascaigh Mhara na hEireann, (ii) ón dáta sin go dtí deireadh na bliana 1939, (iii) ó thosach na bliana 1940 go dtí deireadh na bliana 1945, agus (iv) ó thosach na bliana 1946 i leith.

Tá an teolas a theastuíonn ó'n Teachta maidir le aisíocadh na niasachtaí a tugadh do iascairí suas go dtí 23 Aibreán, 1952, le fáil ins na tuarascála bliantúla a foillsíodh ar obair Buird na gCeanntar gCúng agus ar obair na Rannóige Iascaigh de'n Roinn Talmhaíochta go dtí an bhlian 1951. Ins an tréimhse ó 24 Aibreáin, 1952 go dtí 31 Márta, 1955, do haisíoc iascairí £105,184 do'n Bord Iascaigh Mhara. Siad na suimeanna a maitheadh do iascairí a fuair báid agus eile ó Chomhlachais Iascaigh Mhara na hÉireann agus ó'n Bord Iascaigh Mhara: (1) Ó bhunú an Comhlachais go dtí deireadh na bliana 1939, £29,022; (2) ó 1 Eanair, 1940 go dtí 31 Nollaig, 1945, £23,914; (3) ó 1 Eanáir, 1946 go dtí 31 Marta, 1955, £15,548.

Top
Share