Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Jul 1955

Vol. 152 No. 5

Written Answers. - An Bád-Chlós ag Míobhach.

D'fhiafraí

den Aire Talmhaíochta (a) cén uair a cinneadh comhairle an bád-chlós ag Míobhach a dhúnadh agus cén uair a rinneadh amhlaidh, (b) ar theastaigh aon daingniú nó ceadú uachtarach faoi reacht leis an gcinneadh sin a chur i ngníomh agus, má theastaigh, cén chomhairle a tairgeadh mar thacaíocht leis, (c) ar theastaigh faoi reacht aon daingniú nó ceadú uachtarach leis an gclós a athoscailt, agus, má theastaigh, cén chomhairle a tairgeadh mar thacaíocht leis an gcinneadh sin, agus (d) cérbh iad stiúrthóirí Comhlachais Iascaigh Mhara na hEireann a chinn é a dhúnadh agus cérbh iad a chinn é a athoscailt.

Ag seo leanas na freagraí ar na bpoinntí fa seach sa ceist

(a) Do chinn an Comhlachas Iascaigh Mhara na h-Éireann, Teoranta, ar an bád chlós ag Míobhach a dhúnadh i mí Feabhra, 1946, agus tugadh fógra í mí Deire Fómhair, 1947, don Unaer go dtabharfaí suas an áitreabh fen léas ar 31 Deire Fómhair, 1948.

(b) Níor theastuigh.

(c) Níor theastuigh.

(d) Siad na stiúrthóirí a bhí ann i mí Feabhra, 1946, ná Mr. S. O Braonain (chairman), Mr. M. Ó Conaill, Mr. John Kelly, Rev. E.J. Lambe, C.C., Mr. J.W. Mongan, Mr. L. O'Toole, Mr. J.J. Campbell, agus siad na stiúrthóirí a bhí ann i mí Meán Fómhair, 1948, ná Mr. S. Ó Meallain (chairman), Mr. John Kelly, Mr. A.P. Maynard, Mr. M. Ó Conaill, Rev. E.J. Lambe, C.C., Mr. J.W. Mongan, Mr. L. O'Toole, Mr. J.J. Campbell.

Top
Share