Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 10 Nov 1955

Vol. 153 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céibh Inis Thoir.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aituil an bhfuil comhairle cinnte fós i dtaobh na tairiscinte chun Céibh Inis Thoir d'fheabhsú.

Socraíodh tamall ó shin ar shuim aon mhíle déag púnt a chur ar fáil as an gCiste Forbartha Náisiúnta (Cionroinnt na Gaeltachta) chun faid a chur leis an gCéibh ar Inis Thoir, Condae na Gaillimhe.

Fé dheire agus fé dheoidh.

Tá sé faighte acu fé dheire agus fé dheoidh.

Tá sé faighte acu anois. Bhí tusa ann le fada an lá agus ní fhuaradar é.

Tá sé faighte acu tar éis bliain go leith moille gan aon réasún leis.

Top
Share