Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Dec 1955

Vol. 153 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aireacht na Gaeltachta.

D'fiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé maidir lena ráiteas i Seanad Éireann go mbunófar roinn nua stáit dá ngairmfear Aireacht na Gaeltachta, an dtabharfaidh sí faoina scáth an Ghaeltacht agus an Bhreac-Ghaeltacht; mura dtabharfaidh, an ainmneoidh sé na paráistí a ceaptar a bheith sa bhFíor-Ghaeltacht; agus cén uair a thiocfaidh an Aireacht ann.

asked the Minister for Education if he will state in regard to the proposed new Gaeltacht Ministry, when it will be established and whether its headquarters will be located in the West of Ireland; further, if he will make a statement on the scope of its functions.

Tá beartaithe agam le cead an Chinn Chomhairle freagra a thabhairt ar an dá cheist 32 agus 33 i dteannta a chéile.

Is cúrsaí na rudaí a luaitear sna ceisteanna seo nach ealaí liom tagairt dóibh le h-aon intinn chruinn nó le h-aon éifeacht úsáideach go dtí go mbeidh an chomh-mhachtnamh, atá fé láthair á dhéanamh ag an Rialtas, críochnaithe. Ní dhéanfaidh an Rialtas aon mhoill ar an obair son.

Nach bhfuil fhios ag an Aire go raibh an cheist seo ar chlár polasaí an Chó-Rialtais le bliain go leith? Nach mór an fhaillí aige bliain go leith a ligint thart gan an cheist seo a shochrú agus nach féidir leis na paráistí fíor-Ghaeltachta a lua?

Ní bhaineann an cheist seo le talamh le sléibhte nó le cnoic ach na daoine atá ag labhairt na Gaeilge do réir nádúra. Tá fhios ag an Teachta go bhfuil deacrachtaí le réiteach agus cé go bhfuil deithneas ar an Rialtas an obair seo a chríochnú, ní féidir sin a dhéanamh gan an cheist a phlé agus machnamh a dhéanamh air. Nuair a bheidh sé sin déanta is féidir linn go léir caint a dhéanamh.

Nach bhfuil fhios ag chuile dhuine cad leis a mbaineann an cheist seo? Ba mhaith liom tuilleadh eolais d'fháil i dtaobh an scéil, agus tagairt a dhéanamh ar ath-ló na Dála.

Is déanach atá fonn cainte tagtha ar an Teachta i dtaobh na Gaeltachta.

Rinneamar beart thar na briathra.

An nglacfaidh an Rialtas mar chaighdean don Fhíor-Ghaeltacht na limistéirí in a bhfuair páistí scoile deontas na £5?

Do bheinn ag súil nuair a bheadh caint dá dhéanamh ar an abhar seo ná beadh cúrsaí politíochta á bplé

Ní cúrsaí politíochta é sin.

Tá dualgas ar an Rialtas machnamh a dhéanamh go cúramach ar an gceist seo. Ní féidir ceisteanna a phlé gan easaontas a bheith ag teacht astu agus tá muid ag iarraidh ar ndícheall a dhéanamh na deacrachtaí atá sa cheist seo a réiteach. Ní féidir liom féin ná le haon duine eile a bhaineann leis an Rialtas labhart faoin gceist go dtí go mbeidh an machnamh sin déanta againn air.

An féidir leis an Aire a rá cad tá an Coiste atá curtha ar bun a dhéanamh? An bhfuil sé i bhfeidhm? Do réir mar a thuig mé ón Aire Rialtais Aitiúil ligeadh in éag é ó tháinig an Rialtas i gcumhacht.

Go bhfóiridh Dia ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Ní féidir libh bheith foidhneach níos fuide. Bí foidhne le fada agaibh.

Top
Share