Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Feb 1956

Vol. 154 No. 5

Written Answers. - Síol Marbh Scadán.

D'fhiafraigh

den Aire Talmhaíochta an bhfuair sé tuarascáil ar an iniúchadh a rinneadh le fios fátha an scéil d'fháil amach i dtaobh an mhéid mhóir de shíol marbh scadán a nochtadh in aice na Gaillimhe agus a ndearnadh tagairt dó i gceist a haon 'gus tríochad an 15 Nollaig, 1955.

Ta tuarascáil an taifeora faighte anois ar shomplaí den tsileadh a thóg oifigeach de Bhrainse an Iascaigh agus 'sé brí an tuarascála go bhfuil ábhar sa tsileadh a thagann as áitreabh gnóluchta áirithe a dheineann dochar d'iasc. Do réir gach cosúlachta b'é an sileadh úd a mhairbh na heisc atá i gceist.

Tá curtha in iúl ag an Brainse Iascaigh don Bhord Coimeadaithe i nGaillimh conas tá an scéal chun go ndeanfaidis pé rud is cuí sa chás.

Top
Share