den Aire Rialtais Aitiúil an feasach dó i dtaobh an airgid atá ceaptha chun caoí a chur ar Chorr Ait, Inis Thoir, go mb'fhearr le muntir an oileáin go ndéanfaí fánán ag Poll na gCaorach i dtosach as an airgead sin agus an fuíollach, dá mb'ann dó, a chaitheamh ar Chorr Ait; agus, mura feasach dó é, an nglacfaidh se comhairle leo faoin rud a b'fhearr a dhéanamh.
Written Answers. - Deontas d'Inis Thoir.
D'fhiafraigh
Sarar ceadaíodh deontaisí le haghaidh an Phiara agus Corr Áit ar Inis Thoir, scrúdaíodh na saoráidí calaíochta ar fud an oileáin ar fad, agus saoráidí Pholl na gCaorach ina measc. Ó tharla nár ceadaíodh ach an méid is lú a dhéanfadh cúis ag Corr Áit, i fhéin, ní féidir bheith ag súil leis go bhféadfaí aon chuid den airgead sin a spáráil le haghaidh Poll na gCaorach.