den Aire Tionscail agus Tráchtála an fíor gur fógraíodh folúntas le haghaidh fear freastail ar an ngaltán "Dún Aengus" agus nár luadh eolas ar an nGaeilge mar cháilíocht riachtanach maidir lena líonadh; agus, más ea, an gcuirfidh sé in iúl do na húdaráis i bhfeighil na seirbhíse nár chóir aon duine a cheapadh amhlaidh nach bhfuil eolas inniúil ar an nGaeilge aige.
Written Answers. - Fear Freastail ar an “Dún Aengus”.
D'friafraí
Tá C.I.E. freagrach as an tseirbhís Gaillimh-Árainn. Cé gur dearmadaíodh, nuair a fógraíodh an post, eolas ar an nGhaeilge a lua mar cháilíocht riachtanach, tá curtha in iúl dom ag an mbord go bhfuil eolas ar an nGaeilge ag an nduine a roghnaíodh don phost.