Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Jul 1956

Vol. 159 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Torthaí Scrúdaithe.

D'fhiafrai

den Aire Oideachais cá huair a fuagrófar torthaí scrúduithe i gcóir coláistí ullmhúcháin agus scoláireachtaí Gaeltachta, agus an dtuigeann sé an éagóir mór atáthar a dhéanamh ar thuismitheoirí agus scoláirí nach bhfaghann na torthaí go dtí mí Lúnasa, agus fosta, an dtiocfadh leis a rá cad chuige nach bhfuagráitear na torthaí roimh lár mhí Iúil nuair a ghlacas na scoltacha laethe saoire.

Tá súil agam go mbeidh torthaí Scrúdú Ionadachta na gColáistí Ullmhúcháin, 1956, ar fáil roimh dheireadh na míosa seo agus go mbeidh torthaí an chomórtais le haghaidh Scoláireachtaí Meán-Scol d'iarrthóirí ón bhFíor-Ghaeltacht, 1956, ar fáil laistigh de sheachtain ina dhiaidh sin.

Cé go dtuigim gur cheataí do thuismitheoirí é nach raibh na torthaí ar fáil níos luaithe ná mar bhí i mblianta roimhe seo, is oth liom, agus a mbíonn de scrúduithe eile le riar ag Bun-Bhrainse na Roinne ag aon am leis na scrúduithe seo, nach bhféadfaí na torthaí a cur ar fáil roimh lár mhí Iúil mar atá i gceist ag an Teachta.

Top
Share