den Aire na Gaeltachta an abróidh sé an bhfuil socair aige fos cad iad na límistéirí den tír a háireofar mar Ghaeltacht faoi chúram na hAireachta nua.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Límistéirí na Gaeltachta.
D'fhiafraí
Níl san socair fós. Ní fhéadfainn an t-eolas ná an chomhairle a thabhairt don Rialtas a chuirfeadh ar a chumas ordú a dhéanamh fé Alt a 2 (2) den Acht gan toradh an fhiosrúcháin a deineadh le déanaí le linn an daonáirimh do mheádh agus do mheas i deannta an ghnáth eolais eile atá againn cheana ar na ceantracha 'na labhartar an Ghaoluinn a bheag nó a mhór.
Tá céad-rith an fhiosrúcháin sin fachta anois agus cuirfear fé scrúdú gan mhoill é.
Tá súil agam go ndéanfar an chéad ordú fé Alt a 2 (2) taobh istigh de mhí.