Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Nov 1956

Vol. 160 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Exercise of Powers by Minister for the Gaeltacht.

asked the Minister for the Gaeltacht whether he will confine to the districts scheduled in Order I. R. Uimh. 245 de 1956 his exercise of the powers transferred to him by Order I.R. Uimh. 257 de 1956.

Pádraig Mac Loingsigh

Is iad na feidhmeanna a haistríodh chugam leis an Ordú atá i gceist ag an Teachta ná iad sin a bhaineas le (a) Achtanna na dTithe (Gaeltacht), (b) tionscail tuaithe, agus (c) tionscail torthaí mara.

Maidir le (a), tá na límistéirí feidhme leagtha amach in Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus níltear ar intinn iad d'athrú.

Maidir le (b) agus (c), leanfar de na feidhmeanna a bhaineas leo a chomhlíonadh sna límistéirí céanna ina rabhdar á gcomhlíonadh sara haistríodh chugamsa iad. Táthar ar intinn, ámh, i gcás aon mhéadú nó leathnú a bheas á dhéanamh ar na seirbhísí sin, gur sna límistéirí Gaeltachta amháin a déanfar é.

Roimhe seo, do chuir mé ceist ar an Aire i nGaeilge ach ní bhfuair mé freagra. Anois tá ceist curtha síos agam i mBéarla agus níl mé ag fáil freagra ach oiread.

Pádraig Mac Loingsigh

Dhátheangachas !

Na seirbhísí atá tógtha anonn aige féin anois nach seirbhísí le haghaidh na gceantracha gcúnga iad agus nár dhubhairt céad Aire na Gaeltachta nach mbeadh aon bhaint ag an Aire nua le ceantar ar bith nach bhfuil an teanga beo ann agus nach athrú mór ar pholasaí é ó céad-nochtadh é ag an gcéad Aire? Do sceidil an tAire na ceantracha fíor-Ghaeltachta.

Pádraig Mac Loingsigh

Sílim nach bhfuil aon chiall chor ar bith leis an gceist.

Nach raibh sé san public Press go ndubhairt an Teachta Ó Maolchatha nár bhain an Aireacht nua le ceantar ar bith nach raibh an Ghaeilge beo ann?

Pádraig Mac Loingsigh

Léigh Sunday Press an Domhnaigh seo caite. Nár léigh agus nár scríobh an Teachta an cuntas bréagach a bhí ann?

Nach bhfuil sé fíor?

Pádraig Mac Loingsigh

Níl, agus tá fhios ag an Teachta nach bhfuil. Tá faitíos orm go bhfuil níos mó suime ag an Teachta i leas polaitíochta ná i leas mhuintir na Gaeltachta.

Pádraig Mac Loingsigh

Nach dtuigeann an Teachta Gaeilge?

Tá an Ghaeilge agamsa ach tá mé ag ceapadh go bhfuil a shórt féin Gaeilge ag an Aire.

Pádraig Mac Loingsigh

Tá an Ghaeilge agamsa níos fearr ná mar a cheap an Teachta.

Top
Share