Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Apr 1957

Vol. 161 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann Employment Conditions.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state the condition of employment of agents employed by Gaeltarra Éireann and the percentage commission payable to them in each case in respect of (a) linen, (b) knitwear, (c) tweed and (d) toys, etc.

Leagtar síos coinníollacha fostaíochta na ngníomhairí atá fostaithe ag Gaeltarra Éireann sa litir cheapacháin a tugtar do gach gníomhaire nuair a ceaptar é. Ós rud é go bhfuil fiche gníomhaire ar fad ar fostú ag Gaeltarra Éireann faoi láthair agus go mbaineann coinníollacha éagsúla leo, tá beartaithe agam cóip den litir cheapacháin i ngach cás a chur chuig an Teachta mar eolas dó agus, ina theannta sin, cóip a chur ar fáil i Leabharlann an Oireachtais. Tá an t-eolas mar gheall ar na rátaí coimisiún a lomháltar do na gníomhairí sonraithe sna litreacha ceapacháin.

asked the Minister for the Gaeltacht whether complaints as to infringements of their conditions of employment were received in respect of any one or all of the agents of Gaeltarra Éireann since 1st January, 1942, what those complaints were, the dates thereof, and what measures, if any, were taken to rectify them.

Ós rud é go mbaineann an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta le tréimhse beagnach cúig bliana déag, thógfadh sé méid mí-chuí ama oifigiúil chun é d'ullmhú, rud a chuirfeadh isteach go mór ar obair Roinnteán Sheirbhísí na Gaeltachta de mo Roinn-se. Ní dóigh liom go mba cheart, sna cúrsaí sin, a iarraidh ar an bhfoirinn an méid sin aimsire a thabhairt dó. Bheinn toilteanach, ar ndóigh, an t-eolas a hiarrtar a thabhairt i dtaobh aon chás nó cásanna áirithe a luafadh an Teachta.

Top
Share