Tá orm a chur in iúl don Dáil go bhfuiltear tar éis na daoine seo a leanas a roghnú mar ionadaithe agus leas-ionadaithe ó Éirinn don Naoú Gnáth-Sheisiún de Thionól Comhairlitheach Chomhairle na hEorpa a thosós i Strasbourg Dé Luain, 29 Aibreán, 1957.
Is iad seo a leanas na hionadaithe atá roghnaithe: An Teachta Gearóid Ó Beoláin, Onóir Bean Uí Chruadhlaoich, An Teachta Déaglán Ua Coisdealbha, An Teachta Brendán Mac Fheórais.
Is iad seo a leanas na leas-ionadaithe: An Teachta Séamas Ó Coileáin, An Teachta Micheál Ó Dabhoireann, An Teachta Seán Ó Flannagáin, An Dr. Antoine Easmonn.