Tairgim:—
Go gceapfar Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a bheas comhdhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus de chúig chomhalta déag eile a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta; go dtabharfar cumhacht don Choiste chun breithniú a dhéanamh ar chúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna nó leasuithe ar na Buan-Orduithe atá ann cheana a tuigtear a bheith riachtanach a mholadh, agus fós chun breithniú agus tuairisciú a dhéanamh fé mar agus nuair a hiarrfar sin i dtaobh pribhléidí Comhaltaí;
Gur seachtar a bheas mar chóram don Choiste.
Cuireadh agus haontaíodh an cheist.