Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 May 1957

Vol. 161 No. 5

Coiste Um Nós Imeachta agus Phribhléidí. - Coiste Um Chuntais Phoiblí Tairiscint Chun Ceapúchán a Dhéanamh.

Tairgim:—

Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh, agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltai an Choiste;

Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;

Go ndéanfar na Cuntais Leith-reasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1955, agus Miontuairiscí na Fianaise a tógadh i láthair an Choiste um Chuntais Phoiblí ar an Tuarascáil sin, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.

Cuireadh agus haontaíodh an cheist.

Top
Share