Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 16 May 1957

Vol. 161 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dismissal of Gaeltarra Éireann Agent.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state (a) the reasons for the dismissal of the agent for Gaeltarra Éireann in respect of knitwear and linen for the County and City of Dublin and the Counties of Louth, Meath and Wicklow, on the 19th day of March, 1957; (b) if the dismissed agent was reinstated; and (c) the reasons for his reinstatement, and his conditions of employment on reinstatement.

Briseadh an gníomhaire atá i gceist ar an 19ú Márta, 1957, ar an gcúis go ndearna sé go feasach sárú mór ar théarmaí a litreach ceapacháin sa mhéid

(1) go raibh sé ina aon-stiúrthóir ar ghnólucht Dooley Burton & Co., agus mar sin nárbh fhéidir dó aire lánaimsearach a thabhairt dá phost mar ghníomhaire:

(2) gur dhíol sé earraí i gceantar díola gníomhaire eile; agus

(3) gur shocraigh sé le siopadóirí áirithe, gan cead d'fháil roimhré ó bhainisteoir Ghaeltarra Éireann agus gan a chur in iúl dó sin gur shocraigh sé amhlaidh, go bhfaighdís lacáiste 25% ar earraí áirithe cniotála, rud ba dhíobhálach don trádáil.

D'Fhéach an tAire a chuaigh romham ar na nithe sin mar mhí-iompar i bpáirt an ghníomhaire agus dá réir sin rinne sé an ceapachán d'fhorceannadh láithreach faoi fhorála míre 8 den litir cheapacháin gan a chur in iúl don ghníomhaire cad iad na nithe áirithe ar fhéach sé (an tAire) orthu mar mhíiompar.

Do scrúdaíos na cúiseanna a bhí curtha síos ag an Aire leis an ngníomhaire a bhriseadh. Tháinigeas ar an tuairim nach bhféadfaí seasamh ar na cúiseanna sin agus dá réir sin nár chóir é a bhriseadh mar gheall orthu. Thugas ordú, dá bhrí sin, é a chur ar ais ina phost. Fuaireas amach ná raibh an gníomhaire, fé mar adúradh, ina aon-stiúrthóir ar an ngnólucht Dooley Burton & Co. ar an 19ú Márta, 1957, toisc gur toghadh stiúrthóir breise ar Bhord na cuideachtan ar an 10ú Nollaig, 1956, agus, fé mar a d'insíos don Teachta sa bhfreagra a thugas ar an 8ú Bealtaine, táim sásta nach gcuireann an bhaint atá ag an ngníomhaire leis an ngnólucht aon bhac air an t-am iomlán is gá a thabhairt dá dhualgais mar ghníomhaire. Fuaireas amach, freisin, ná raibh tuairisc ar aon chás ina ndearna an gníomhaire féin earraí a dhíol i gceantar gníomhaire eile. Tá tuairisc ann, ámh, ar chás amháin, a bhfuil leor-fhianaise leis, inar dhíol an gnólucht Dooley Burton & Co. bréidín le miondíoltóir i gContae Dhún na nGall. Is i mí Márta, 1953, a tharla an díol sin agus, nuair a tugadh ar aird é, chuir Gaeltarra Éireann in iúl don chuideachta gur sárú díolacháin den tsórt sin ar na coinníollacha faoinar soláthraíodh bréidín don ghnólucht agus nár cheart a leithéid a dhéanamh feasta. Chomh fada agus is eol dom Roinn-se, níor tharla aon díola den tsórt sin ó shin.

I dtaobh lascainí a thabhairt, is amhlaidh atá an scéal, fé mar a mhíníos cheana don Teachta sna freagraí ar cheisteanna roimhe seo, nach bhfuil aon údarás ag na gníomhairí atá ar fostú ag Gaeltarra Éireann aon lascainí speisialta a shocrú le trádálaithe mar gur gnó don bhainistíocht amháin é sin. Rinne an gníomhaire, ámh, ceist i dtaobh lascainí speisialta a phlé le trádálaithe áirithe i leith earraí áirithe a cheannaigh na trádálaithe sin. Níor sháraigh sé sin litir cheapachán an ghníomhaire mar ní raibh éinní sa litir i gcoinne a leithéid sin. Aon lascainí speisialta a tugadh i gceantar an ghníomhaire atá i gceist, cheadaigh an bhainistíocht iad sarar lamháladh creidiúnas ina leith.

Táthar tar éis an gníomhaire d'athcheapadh ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna a bhain lena sheancheapadh ach amháin gur laghdaíodh ráta an choimisiúin ar dhíolacháin lasmuigh de Chathair Bhaile Átha Cliath ó 6¼% go 5½%.

Pádraig Mac Loingsigh

Bhfuil an tAire sásta nach ndearna an gníomhaire aon iarracht eile an bhréidín a dhíol?

Tá mé sásta ón scrúdú a rinne mé agus ón bhfianaise a bhí agam.

Could we have that reply again, please?

I am willing to repeat it.

It is quite unusual.

Tá mé sásta ón scrúdú a rinne mé agus ón bhfianaise a bhí agam. Níl an Teachta ag rá go raibh sé ar intinn agam aon rud a cheilt?

Deputy McQuillan might brush up his Irish as a result of this.

It is Deputy Smith I am thinking of.

And his new colleague in County Cavan.

It is the former Minister for the Gaeltacht I am thinking of.

It will be a long time before I have to learn Irish from the Minister for Local Government.

Top
Share