asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that a number of employees of the Gaeltarra Éireann factory at Falcarragh in the Fíor-Ghaeltacht have recently been laid off; and if he will take steps immediately to have them re-employed.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Falcarragh (Donegal) Factory Employees.
Níor scoireadh le seirbhísí oibrí ar bith sa mhonarcha seo le déanaí. Toisc an táirgeacht d'earraí cniotála cláracha a bheith róard le bliain anuas, ámh, i gcomórtas leis na díolacháin, ní raibh aon dul ó Ghaeltarra Eireann ach an táirgeacht a ghearradh anuas fiche faoin gcéad, i ngach ionad cniotála. Déanfar gach dícheall chun an gearradh-anuas san táirgeacht a chur ar ceal a luaithe is féidir.
Ós rud é nach bhfuil aon obair le fáil sa bhFior-Ghaeltacht seo agus go bhfuil scata mór dhaoine ag imtheacht go hAlbain gach bliain, nach mbeadh sé i bhfad níos fearr an monarcan a choinilt ar oscailt?
Téann sé sin isteach i gcúrsaí díolíochta. Níor mhaith liom rud mar seo a chur ar fáil do Ghaeltacht áirithe gan an rud céanna a chur ar fáil do chuile Ghaeltacht.
An aontíonn an tAire go bhfuil obair ar dhí sa bhFíor-Ghaeltacht seo, go bhfuil an Gaeltacht seo ag eirí níos lua gach bliain agus gur imthigh i bhfad níos mó daoine ón áird sin i mbliana seachas aon bhliain eile?
Is fíor é sin, bfhéidir, ach ba mhaith liom a rá go bhfuilim ag déanamh mo dhíchill.
Does the Minister agree that a reduction in production of 20 per cent. means a big lessening of employment potential?
Má tá Gaelige agat, labhair í.
Ní dúirt mé rud dá shaghas.