Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Jul 1957

Vol. 163 No. 5

Committee on Finance. - Vóta 58—Gnóthaí Eachtracha.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim nach mó ná £283,940 chun slánuithe na suime is gá chun íochta an mhuirir a thiocfas chun bheith iníochta i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1958, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Ghnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin (Uimh. 16 de 1924), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair.

Do réir an nóis lenar glacadh, sna blianta roimhe seo, tá rún agam, le cead an Chinn Chomhairle, an Meastachán i leith Gnóthaí Eachtracha agus an Meastachán i leith Comhair Eadarnáisiúnta a thógáil le chéile. Hullamhaíodh na Meastacháin seo seachas an suim le h-aghaidh an Ghníomhaireacht Nuachta Eireannach sar ar ghlacas-sa oifig, agus mar sin, níl fúm ach déileáil ar bhealach anghinearálta leis na figiúirí atá i gceist mar fuaireas iad.

Taispeánann an Meastachán don Vóta Gnóthaí Eachtracha ag figiúir £450,410, laghdú glan de £6,830 i gcomórtas leis an bhfigiúir chomhréire don bhlian seo thart. Is iad na príomhítimí sa Vóta, ar lú an soláthar ina gcóir, i gcomórtas le anuraidh:— (1) Costais Taistil Ionadaithe thar lear, (2) Deontas-i-gCabhair i leith Comhair Chultartha le tíortha eile, agus (3) ábhar Eolais a chur ar fáil. Rinneadh an soláthar laghdaithe faoi Fho-Mhírcheann B.2 i leith Costas Taistil de bharr go rabhthas ag súil le laghdú a theacht ar an gcostas a bhainfeadh le aistriú agus taisteal foirne a bheadh ag fónamh thar lear i mbliana. Laghdaíodh an soláthar do Dheontas-i-gCabhair i leith Comhair Chultúrtha ó £10,000 go dtí £2,100 mar gheall ar an Rialtas, a bhí ann roimhe seo, dá chinneadh an Comhar Cultúrtha a chur ar fionraí ó shaothar. Is é a ndearnadh de sholáthar faoin bhFo-Mhircheann seo don bhliain reatha, soláthar i leith na Scoileanna Samhraidh Eadarnáisiúnta Scoláireacht do Mhac Léinn Eachtrannach, ranníoc i leith costas Léachtóra Gaeilge in Uppsala agus deontas i leith foilseachán áirithe. Laghdaíodh ó £10,000 go dtí £7,000 an soláthar i bhFo-Mhírcheann C.3 d'Abhar Eolais.

Ar an dtaobh eile, tá soláthar sa Mheastachán le haghaidh méaduithe i bhFo-Mhírchinn eile den Vóta. Is iad na hitimí is mó a mbaineann sin leo: (1) Tuarastail, Páigh agus Liúntais sa Cheann-Cheathrúin agus thar lear, (2) Postas, Páipéarachas, Telegramaí agus Telefóin in oifigí thar lear, agus (3) soláthar don Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach. Is é is mó ba chúis leis an méadú i leith tuarastal sa Cheann-cheathrúin, go bhfuarthas foireann bhreise a theastaigh de bharr sinn a ligean isteach sna Náisiúin Aontaithe; agus ba é ba mhó ba chúis leis an méadú i bhFo-Mhírcheann na dTuarastal d'ionadaithe thar lear, gur cuireadh foireann ar fáil don Bhuan-Mhisiún chun na Náisiún Aontaithe. Costas breise Postais, Telegramaí agus Telefón sa chuid is mó de na tíortha ina bhfuil Misiúin againn, agus freisin na seirbhísí seo a chur ar fáil maidir leis an misiún chun na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhroc, ba chúis leis an méadú faoi Fho-Mhírcheann B.3.

De réir an Mheastacháin d'ullmhaigh an tAire deireannach, bhí £45,000 le soláthar ina nairleacain inaisíochta don Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach i rith na bliana 1957-58. £35,000 a cuireadh ar fáil don Ghníomhaireacht sa Vóta don bhliain 1956-57. Táimse tár éis Meastachán athscrúdaithe do chur fé bhráid na Dála agus is lugha de £4,000 é ná an tsuim a bhí sa chéad Mheastachán. Mar sin, £41,000 atá le soláthar don bhliain 1957-58.

Tá Bórd na Gníomhaireachta i mbun a forceannta fé láthair. Murab ionann is costaisí oibrithe na Gníomhaireachta tá amhras an féidir costaisí an fhorceannta a mheas mar airleacain chun chríocha gnótha na Gníomhaireachta de réir bhrí Ailt 11 den Acht um Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach, 1949. Ní thig liom a rá i láthair na huaire cén chuid de sna £41,000 is féidir a mheas mar chostaisí forceannta. Mar sin, le go mbeidh toiliú na Dála agam le sna híocaíochtaí eisreachtúla a dhéanamh leis an Gníomhaireacht i ndáil leis an forceannadh, tá soláthar ainmniúil £10 á dhéanamh agam fén Fhomhír dá chríoch san.

Maidir leis an Meastachán i leith Comhair Eadarnáisiúnta, Vóta 59, eadhon £71,570 is £30,830 de laghdú glan é sin, i gcomórtas leis an bhfigiúir chomhréire don bhliain anuraidh. Is é an príomh laghdú an ceann a thagas faoin mírcheann a bhaineas lenar ranníoc chun na Náisiún Aontaithe; tá an tsuim faoin bhFo-Mhírcheann seo, beagnach £24,000 níos lú ná an fhigiúir don bhliain anuraidh. Is as ranníoca ó chomhalta-Stáit, arna measúnú ar fhoras céatadáin, a híochtar costais na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa agus costais Chomhair Eacnamaíochta san Eoraip. Meastar gur tuairim an méid céanna a bhéas le ranníoc againne leis na Náisiúin Aontaithe an bhliain reatha a bhí orainn a ranníoc anuraidh. Ach, an méid soláthraíodh sa Vóta sin don bhliain seo thart bhí ar áireamh ann freisin, ranníoc in aghaidh na gearr-thréimhse i ndeireadh na bliana roimhe sin, a rabhamar inár gcomhaltaí den Eagras, agus fós airleacan uainn chun Ciste Chaipitil Oibre an Eagrais.

Déanann gach Comhalta-Thír an t-airleacan seo nuair a ligtear isteach í, agus ní tharlaíonn an chuid is mó de sin a bheith iníochta arís. Na suimeanna a soláthraíodh mar rannioca chun Ciste Leanbh na Náisiún Aontaithe agus Clár Cúnaimh Theicniúil na Náisiún Aontaithe, táid laghdaithe i ngach cás ó £5,000 go dtí £1,825. Bhí méadú beag sa ranníoc a mbeifear ag súil leis uainn, sa bhliain airgeadais reatha, i leith costas Chomhairle na hEorpa, agus £4,500 de mhéadú chun soláthar i gcoinne measúnuithe mhéadaithe ar ár ranníoc faoi chomhair costas an Eagrais um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip.

Progress reported; Committee to sit again.
Top
Share