d'Aire na Gaeltachta an eol dó an bóthar poiblí a ghabhas ó Bhaile an Fheirtéirigh Thiar (via na Gorta Dubha) go dtí Cuan Ard na Caithne agus an Béal Bán (fad trí mhíle, tuairim) a bheith leis na blianta i ndroch-chuma, agus, d'ainneoin a mhinicí a cuireadh an scéal faoi bhráid Chomhairle Chontae Chiarraighe chun go ndéanfaí trom-rolladh ar an mbóthar sin, nach bhfuarthas airgead ó na Deontais do Bhóithre Contae ná ó na Deontais Chuartaíochta, agus an molfaidh an tAire anois go dtabharfar denotas speisialta Gaeltachta i dtreo gur féidir an bóthar sin a leathnú, a neartú (áit ar bith ar gá é) agus a throm-rolladh a luaithe is féidir é.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bothar Poiblí i gCiarraighe.
D'fiafruigh
Dónal S. Maoldhomhnaigh
Tá ar aigne ag mo Roinn an bóthar a luaitear a chur san áireamh nuair a bheas na hoibreacha bóthair a déanfar i rith na bliana airgeadais 1958/59 á dtoghadh.