Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Feb 1959

Vol. 173 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Togáil agus Cóiriú Tithe i nDun na Gall.

64. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta cá mhéad iarratas a fuair Roinn na Gaeltachta as Condae Thír Chonaill ón 1 Iúil, 1958, go dtí an 31 Nollaig, 1958, chun (1) tithe cónaithe úra a thógáil, (2) tithe cónaithe a chóiriú; agus cá mhéad iarratas a diúltaíodh (a) mar gur measadh nárbh í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh, agus (b) mar nár comhlíonadh coinníollacha éigin eile.

Sa tréimhse ó I Iúil, 1958, go dtí 31 Nollaig, 1958, fritheadh iarratais ar chúnamh faoi Achta na dTithe (Gaeltacht), ó Cho. Dhún na nGall, mar leanas:— (1) chun tithe cónaithe nua a thógáil, 20; (2) chun tithe cónaithe d'fheabhsú nó a leathnú, 97.

Sa tréimhse chéanna, diúltaíodh d'iarratais mar leanas:— (a) 10 n-iarratas toisc gur measadh narbh í an Ghaeilge gnáth-theanga teaghlaigh an líon-tí, agus (b) 11 iarratas toisc nár comhlíonadh coinníollacha eile.

Ciaca do dhaoine a theastaigh uatha tithe do thógáil nó tithe do cóiriú a tugadh an diúltiú sin?

Leath ar leath.

Top
Share