Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Mar 1959

Vol. 173 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Soláthair Uisce do Ghaeltacht Chiarraighe.

38. D'Fhiafraí

Donal S. Ó Maoldhomhnaigh

d'Aire na Gaeltachta an eol dó go bhfuil roinnt bailte agus/nó mion-bhailte i nGaeltacht Chorca Dhuibhne nach bhfuil uisce ag teacht chucu faoi na mion-scéimeanna uisce atá á n-oibriú faoi láthair agus an mbeadh a Roinn sásta a thuilleadh deontas a thabhairt ar aon-scála leo sin atá i bhfeidhm cheana féin chun oiread mion-scéimeanna (nó scéimeanna ceantair) uisce a sholáthar agus a fhreastalóidh ar Ghaeltacht uile Chorca Dhuibhne, Condae Chiarraighe.

Sara bhféadfaidh mo Roinn-se deontas a thabhairt i leith mion-scéim uisce-sholáthair caithfidh an Chomhairle Chontae a bheas i gceist an scéim a mholadh. Go dtí seo, níor dhiúltaigh an Roinn d'aon togra a fuarthas ó Chomhairle Chontae Chiarraighe i leith mion-scéimeanna uisce-sholáthair i gceantar Chorca Dhuibhne, ná níor cuireadh aon teora leis an méid togra ab fhéidir a cheadú.

Top
Share