Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 May 1960

Vol. 181 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oideachas Ollscoile d'Oifigigh Óglaigh na hÉireann.

20. D'fhiafraigh

Micheál Mac Carthaigh

agusMicheál P. Ó Ceit den Aire Cosanta an bhfuil sé ar intinn aige oideachas Ollscoile a chur ar fáil d'oifigigh feiliúnacha de chuid Óglaigh na hÉireann.

Níl sé ar intinn agam oideachas Ollscoile a chur ar fáil d'oifigigh Óglaigh na hÉireann.

An mbeadh an tAire sásta cabhrú le hoifigeach ar bith gur mhaith leis freastal ar chúrsaí Ollscoile um thráthnóna?

Tá mé cinnte go ndéanfaí gach iarracht cabhrú le hoifigeach i gcás mar sin nuair nac gcuireann sé isteach ar dhualgais mhíleata an oifigigh atá i gceist.

Top
Share